Timire Gaeilge - Buan (Comórtas Oscailte)
|
|
|
|
Sainchuntas poist
Fáilteoidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin roimh iarratais ó dhaoine cuícháilithe ar an poist seo:
Timire Gaeilge - Buan (Comórtas Oscailte)
Tugtar cuireadh leis seo dóibh siúd atá feiliúnach, cáilithe agus a bhfuil an taithí chuí acu cur isteach ar an bpost buan mar Thimire Gaeilge, a bhfuil faomhadh faighte aige ón Roinn Oideachais. Beidh sealbhóir an phoist ina bhall de struchtúr bainistíochta GRETB faoi cheannaireacht an Phríomhfheidhmeannaigh.
Déan tagairt le do thoil don leabhrán eolais chun tuilleadh eolais a fháil
Scileanna atá riachtanach
Bunriachtanais
- Múinteoir Gaeilge atá láncháilithe faoi rialacha Meamraim V7
- Cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta
- Cúig bliana taithí mar mhúinteoir Gaeilge, nó mar Oifigeach Gaeilge
Riachtanais Inmhianaithe
- Cáilíocht creidiúnaithe aitheanta in aistriúchán Gaeilge
- Buneolas maith ar an gcreat dlí, rialála agus rialachais a n-oibríonn GRETB laistigh de, go háirithe i ndáil leis an nGaeilge
- Duine atá in ann gníomhú as a stuaim féin, atá pointeáilte agus dírithe ar thorthaí
- Scileanna maithe pleanála agus eagrúcháin, agus an cumas tascanna a chur in ord tosaíochta
- Ardscileanna cumarsáide ó bhéal agus scríofa, i mBéarla agus i nGaeilge araon, lena n-áiritear idirbheartaíocht, scríobh tuarascálala agus scileanna láithreoireachta agus agallaimh.
- Scileanna maithe idirphearsanta agus comhoibríocha lena n-áirítear an cumas oibriú go héifeachtach le raon leathan páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha
- Scileanna maithe ceannaireachta, eagrúcháin agus TF.
Ceangaltáin:
Cláraithe cheana? Logáil isteach anseo
Tabhair faoi deara, fiú má tá tú cláraithe cheana féin do “LWETB agus/nó DDLETB/KWETB agus/nó CDETB”, beidh ort próifíl nua a chruthú do GRETB. |
Cláraigh lenár Tairseach Gairmeacha + cuir isteach d’iarratas
|