Timire Gaeilge Buan (Athfhógra)
|
|
|
|
Sainchuntas poist
Fáilteoidh Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin (GRETB) roimh iarratais ó dhaoine atá cáilithe go cuí don phost:
- Timire Gaeilge Buan (Athfhógra)
Déan tagairt le do thoil don leabhrán eolais chun tuilleadh eolais a fháil
Scileanna atá riachtanach
Cáilíochtaí Riachtanacha
- Múinteoir Gaeilge atá láncháilithe faoi rialacha Meamraim V7 agus a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta (Bealach 2)
nó
- A bheith ina m(h)úinteoir bunscoile agus a bheith cláraithe leis an gComhairle Mhúinteoireachta (Bealach 1)
agus
- Cúig bliana taithí mar mhúinteoir Gaeilge, nó mar mhúinteoir bunscoile, nó mar Oifigeach Gaeilge
Cáilíochtaí Inmhianaithe
- Cáilíocht creidiúnaithe aitheanta in aistriúchán Gaeilge
- Buneolas maith ar an gcreat dlí, rialála agus rialachais a n-oibríonn GRETB laistigh de, go háirithe i ndáil leis an nGaeilge
- Duine atá in ann gníomhú as a stuaim féin, atá pointeáilte agus dírithe ar thorthaí
- Scileanna maithe pleanála agus eagrúcháin, agus an cumas tascanna a chur in ord tosaíochta
- Ardscileanna cumarsáide ó bhéal agus scríofa, i mBéarla agus i nGaeilge araon, lena n-áiritear idirbheartaíocht, scríobh tuarascálala agus scileanna láithreoireachta agus agallaimh.
- Scileanna maithe idirphearsanta agus comhoibríocha lena n-áirítear an cumas oibriú go héifeachtach le raon leathan páirtithe leasmhara inmheánacha agus seachtracha
- Scileanna maithe ceannaireachta, eagrúcháin agus TF.
Ceangaltáin:
Already Registered? Log in here | Join our Careers Portal and then submit your application |
---|---|
Cláraithe cheana? Logáil isteach anseo
Tabhair faoi deara, fiú má tá tú cláraithe cheana féin do “LWETB agus/nó DDLETB/KWETB agus/nó CDETB”, beidh ort próifíl nua a chruthú do GRETB. |
Cláraigh lenár Tairseach Gairmeacha + cuir isteach d’iarratas
|