Poist Mhúinteoireachta Iar-Bhunoideachais BOOGRC Bliain Acadúil 2026 - 2027, OILEÁIN ÁRANN, SCOILEANNA GAELTACHTA & GAELCHOLÁISTÍ
|
|
|
|
|
|
Job Summary
Tá Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin ag glacadh le hiarratais do na folúntais mhúinteoireachta seo a leanas a d’fhéadfadh teacht chun cinn don bhliain acadúil 2026/2027 laistigh de scoileanna T1 sa chás gurb í an Ghaeilge teanga na scoile i.e. scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid Ghaeilge.
Liosta Scoileanna Oileáin Árann, Scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí laistigh de réimse feidhmiúcháin an GRETB.
* Coláiste Naomh Éinne Inis Meáin, Oileáin Árann
* Coláiste Ghobnait Inis Oírr, Oileáin Árann
* Coláiste Naomh Éinne Inis Mór, Oileáin Árann
* Coláiste na Coiribe Bóthar Bhaile na mBúrcach, Cnoc na Cathrach, Gaillimh
* Coláiste an Eachréidh Baile Átha an Rí, Co. na Gaillimhe
* Coláiste Cholmcille, Indreabhán, Co. na Gaillimhe
* Coláiste na bPiarsach Ros Muc, Co. na Gaillimhe
* Coláiste Naomh Feichín Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
Teideal an Phoist: Múinteoir Iarbhunscoile
An Cineál Fostaíochta: Téarma Socraithe Pro Rata, Sainchuspóir lán-ama/páirtaimseartha
TÁBHACHTACH: An toradh a bheidh ar fheachtas earcaíochta go gcuirfidh GRETB painéil i dtoll a chéile don bhliain acadúil 2026/2027. Úsáidfear na painéil sin chun aon fholúntas láithreach in aon cheann de na scoileanna T1 thuasluaithe a líonadh, chomh maith le haon fholúntas ina dhiaidh sin a thiocfaidh chun cinn in aon cheann de na réimsí ábhair seo a leanas:
Tá na ceapacháin seo faoi réir a bhfaofa ag an Roinn Oideachais agus Eolaíochta agus Stiúrthóir na Scéime Athlonnaíochta. Beidh iarratais arna bhfáil bailí le haghaidh a mbreithnithe suas go dtí an 1 Samhain 2026 i ndáil le folúntais Téarma Socraithe Pro Rata. Ní chuirfear ceapacháin a dhéantar tar éis an dáta sin ar thuarastal don chuid eile den bhliain acadúil 2026-2027
Seolfar gach agallamh i ndáil leis an bhfeachtas earcaíochta seo trí mheán na Gaeilge amháin.
Déan tagairt le do thoil don leabhrán eolais chun tuilleadh eolais a fháil.
| Already Registered? Log in here | Join our Careers Portal and then submit your application |
|---|---|
|
Already Registered? Log in here
Please note that even if you are already registered for “LWETB and/or DDLETB/KWETB and/or CDETB”, you will have to create a new profile for GRETB. |
Join our Careers Portal
|