Cúntóir Riachtanas Speisialta Bliain Acadúil 2026/2027 - Oileáin Árann, Scoileanna Gaeltachta agus Gaelcholáistí
|
|
|
|
|
|
Job Summary
Iarrann Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin iarratais ó iarrthóirí atá cáilithe go cuí agus a bhfuil taithí chuí acu chun painéal a bhunú do phost an Chúntóra Riachtanas Speisialta i scoileanna T1 sa chás gurb í an Ghaeilge teanga na scoile i.e. scoileanna Gaeltachta, Gaelcholáistí agus aonaid Ghaeilge. Bainfear úsáid as an bpainéal seo chun folúntais lánaimseartha agus pháirtaimseartha ar théarma seasta agus sainchuspóra a líonadh láithreach, chomh maith le haon fholúntais eile a d’fhéadfadh teacht chun cinn laistigh de GRETB le linn bhliain acadúil 2026/2027.
CÚNTÓIR RIACHTANAS SPEISIALTA
Soláthraíonn an Cúntóir Riachtanas Speisialta (CRS) seirbhísí riachtanacha neamh-mhúinteoireachta do dhaltaí a bhfuil riachtanais mheasta oideachais acu. Feidhmíonn an CRS i ról cúraim agus tacaíochta neamh-mhúinteoireachta. Leagann an Príomhoide amach a gcuid dualgas, ag feidhmiú thar ceann an Bhoird Bhainistíochta/Bhoird Oideachais agus Oiliúna (BOO). Maoirsíonn an Príomhoide nó múinteoir eile a gcuid oibre, de réir mar a chinneann an Príomhoide. Is é príomhchúram an CRS ná a chinntiú go gcomhlíontar riachtanais chúraim agus tacaíochta na mac léinn ó lá go lá.
Déan tagairt le do thoil don leabhrán eolais chun tuilleadh eolais a fháil.
Attachment(s) :
| Already Registered? Log in here | Join our Careers Portal and then submit your application |
|---|---|
|
Already Registered? Log in here
Please note that even if you are already registered for “LWETB and/or DDLETB/KWETB and/or CDETB”, you will have to create a new profile for GRETB. |
Join our Careers Portal
|